top of page

Welcome

to

Comhar Chuigéal

Home: Welcome

Tá na Ranganna seo maoinithe ag GRETB agus tá fáil ar na ranganna agus an Cheardlann saor in aisce

LEITIR MEALLÁIN MO DHÚCHAS

Togra grianghrafadóireachta 2023

Cuireadh do gach clann a ngrianghraf proifisiúnta a fháil

A chairde,
Is mise Seán Ó Mainnín, grianghrafadóir profisiúnta lonnaithe ar an gCeathrú Rua,
Conamara. Is minic mé fostaithe ag Comhar Chuigéal, Muintearas, Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, chun pictiúr d'ócáidí oifigiúla i Leitir Mealláin a fháil. Le tamall de bhlianta - le cead agus le tacaíocht ó Comhar Chuigéil - bhí sé i gceist agam tabhairt faoi thogra pictiúir a ghlacadh de gach duine agus gach clann sa cheantar ach chuir Covid siar é. Anois ag tús 2023 tá sé i gceist tosú leis. Níl aon chostas ar an seirbhís seo.

Sampla amháin atá sa phictiúr. Glacfar idir ghrúpaí agus daoine aonaracha
Agus bhur suim léirithe agus cead sínithe tugtha, glacfar na pictiúir i dtrí láthair, (a) i stiúideó i spás tugtha dom ag Comhar Chuigéil (b) in bhur dteach féin agus (c) taobh amuigh. Glacfar pictiúir clainne agus pictiúir aonaracha. Tabharfar prionta A4 amháin saor in aisce daoibh. Ach ní thabharfar amach aon phictiúr ná prionta eile. Tá sé i gceist taispeántas na bpictiúr clainne/daoine seo ar fad a chrochadh frámáilte nó ar chlár bán i spás de rogha Comhar Chuigéil ar feadh tréimhse. Níl aon teideal ar an dtaispeántas seo go fóill ach "Leitir Mealláin Mo Dhúchas" an ceann sealadach. I ndiaidh thréimhse an taispeántais d'fhéadfaí priontaí a
ordú. Sa stiúideó ní chóir go leanfadh an ghrianghrafadóireacht thar 25-30 nóiméad. Is liath nó dorcha a bheadh an cúlra, ní bán.

Chun a bheith páirteach sa togra seo líonaigí an fhoirm seo agus seol ar ríomhphost chuig
Eilín Peircín, Comhar Chuigéil ag...

eilinpeircin@gmail.com

Baileofar an t-eolas seo agus beimid i dteagmháil libh i rith na bliana maidir le seisiúin
stiúideó agus eile.

Cláraigh

Go raibh maith agat!

Ranganna Pilates 45+ & Zumba Gold

in Ionad na Feamainne, Leitir Mealláin

nó glaoch ar Teresa ar 087-2282652 ríomhphost: teresamcd10@gmail.com

Ceardlann Bach Flower Essences

Ar siúl ar an gCéadaoin
8ú Márta, 15ú Márta & 22ú Márta 2023
in Ionad na Feamainne, Leitir Mealláin

ón 7:00 – 9:00 i.n.

Mothúcháin Folláin
Beidh 7 Grúpa Mothúcháin a chludú

Eagla, Uaigneass, Éadóchas, Easpa suim sa Saol, Ró-íogar, Iomarca aire do dhaoine eile, Éiginnteacht.

Clúdaíonn seo na 38 Bláthanna
do na Bach Flower Essences

nó glaoch ar Teresa ar 087-2282652 ríomhphost: teresamcd10@gmail.com

Feachtas Glantúchain 1.png
S na G póstear 2023.png
Screen Shot 2022-11-28 at 10.37.02.png
Cumasú.jpeg

Tá clár nua do fhiontraithe mná sa nGaeltacht á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an gclár EMPOWER, clár tacaíochta saor in aisce de chuid moil nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Tá an clár nua dírithe ar chúnamh a thabhairt do mhná atá i mbun fiontraíochta agus beidh sé dírithe go sonrach ar fhiontraithe mná i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.

Déanann CUMASÚ – TÚS tástáil ar smaointe do ghnóthaí nua, go bhfeicfear an mbeadh glacadh leo sa margadh. Tá sé dírithe ar mhná a bhfuil smaoineamh gnó nua acu agus atá níos lú ná bliana in mbun gnó. Is saineolaithe i ngnóthaí luathstaid a chuireann an clár saor in aisce seo ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha ar feadh 12 seachtainí. Cuireann sé seo ar chumas na mban atá ag glacadh páirt, aird a thabhairt ar aon riachtanas clainne agus a ngnó a fhorbairt agus a phleanáil ag an am céanna.

Ta líon teoranta spásanna ar an gcúrsa agus caithfear iarratas a dhéanamh roimh an 16 Nollaig ag 5.in.

Foirm iarratais: https://www.empowerher.ie/

Fógra
comhar-chuigéal-lógó-480x270-bán_edited.png

Tá deontas faighte ag Ionad  Oidhreachta Leitir Mealláin & Gharumna ó Forum Chonamara faoin gClár Leader chun tabhairt faoi thionscadal nua i gCeantar na nOileán. Déanfadh an tionscadal seo mapáil agus taiféad ar reiligí an Cheantair

Tá macasamhail don tionscadal le feiceáil sa nasc thíos. 

Galway-County-Council_edited.png

Beidh lá eolais  in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar an 15ú Deireadh Fómhair ar a 10 r.n. chun an togra a phlé leis an bpobal, tá míle fáílte roimh aon duine a mbeadh suim acu a bheith páirteach sa togra.

Quilting and patchwork classes

Quilting and patchwork classes will be starting in Comhair Chuigéal on 29/9/2022 from 10.30 a.m. to 12.30 for 8 weeks. Beginners are very welcome and no previous sewing skills are needed. For more information call Jacinta on 087-8391386 or Comhar Chuigéal at 091 551553. Tutor will be Ann Maire Horan.

Seoladh & láinseáil Aip taifeadta Oidhreachta

20 Lúnasa, 2pm - 3:30pm
Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna
& Comhar Chuigéal (Leitir Meallláin) Teoranta,
H91 CH7X
Co. na Gaillimhe

Tá sé mar aidhm ag COMRANN eolas a roinnt le pobal oidhreachta Cheantar na nOileán chun a n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha áitiúil inláimhsithe agus doláimhsithe a thaifeadadh, a chaomhnú, a dhoiciméadú agus a chur chun cinn.

 

Bígí linn le haghaidh Aip taifeadta Oidhreachta a sheoladh, beidh eolas ar thaifead oidhreachta agus léiriú ar fheidhmeanna na hAipe.

Beidh an Aip seo atá forbartha ag an Roinn Oidhreachta & Turasóireachta de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU-Cathair na Gaillimhe); Daonnachtaí, Teangacha Feidhmeacha & Cumarsáid á sheoladh ag an ócáid seo.

Cineál Imeachta
• Ócáid nó ceardlann oiliúna
•Saor in aisce

Tuilleadh eolais ó 091551553 nó ag cuigeal@gmail.com

Yoga Sign-up Form

1 Participant/s
distant1_edited.jpg

ABOUT US

A Bit of Background

Comhar Chuigéal is a community development organization based in Leitir Mealláin (anglicised as  Lettermullen), an island just off the south-west coast of County Galway, Ireland. Leitir Mealláin is one of a cluster of small islands known as  Ceantar na nOileán  (generally called  The Islands  in English). Ceantar na nOileán includes the major islands of Leitir Mealláin, Garmna (Gorumna  in English) and Leitir Móir (Lettermore). These are very close to the Irish coast and are fully-linked to the mainland by bridges.

CONTACT US

Comhar Chugéal (Lettermallan) Limited,
Leitir Mealláin,
County Galway,
H91 CH7X,
Ireland.

+353 91 551 553

  • Facebook
  • Twitter
  • LinkedIn

Thanks for submitting!

Screenshot%202020-09-12%20at%2021.32_edited.jpg
1200px-Údarás-CMYK-Logo-White-&-Gold.j
Gaeltacht1 (2).png
bottom of page